About Us

Manna na Scoile: Beatha Teanga í a labhairt.

( A spoken language is a living language.)

 

Cuspóirí

Fáilte romhaibh go Gaelscoil Charraig na Siúire.

Bunaíodh an scoil seo sa bhliain 1998.

Ia í aidhm na scoile ná bunoideachas lánghaelach den scoth a thabhairt d’ár bpáistí.

Is í an Ghaeilge an teanga teagaisc inár scoil agus an teanga chumarsáide idir na páistí agus na múinteoirí laistigh agus lasmuigh de na ranganna.

Gaelscoil Charraig na Siúire aims to offer your child an excellent primary education in a safe and vibrant environment where self-esteem and individual talent is nurtured and fostered within the richness and diversity of the Irish language.


Cúlra

Bunaíodh Gaelscoil Charraig na Siúire sa bhliain 1998 le seisear daltaí agus príomhoide. Anois tá 151 daltaí, 9 múinteoirí, 1 Cúntóir Riachtanas Speisialta agus Rúnaí agus uaireanta múinteoireachta sa bhreis.

Gaelscoil Charraig na Siúire was founded in 1998 with six pupils and a Principal. Currently there are 151 pupils, 9 teachers, 1 S.N.A. and a School Secretary as well as many extra part-time teaching hours.


Étos agus Cleachtas na Scoile

Is scoil Lán-Ghaeilge í an scoil. Múintear gach ábhar seachas an Béarla trí mheán na Gaeilge. Labhraítear Gaeilge le na páistí ón gcéad lá a thagann siad ar scoil. Diaidh ar ndiaidh sealbhaítear an teanga agus faoin am a chríochnaíonn siad sa scoil bíonn sé ar a gcumas comhrá iomlán a bheith acu trí Ghaeilge.

The school is an Irish medium school. Each subject, with the exception of English is taught through Irish. Irish is spoken to the pupils from the first day they arrive in the Gaelscoil and gradually they absorb the language. By the time they leave the students are fluent and comfortable in their use of the language.


Rannpháirtíocht na dtuismitheoirí

Tá fáilte roimh gach tuismitheoir is cuma cén leibhéal Gaeilge atá acu, a bpáistí a chur chuig an scoil. Dar le gach taighde is é dearcadh dearfach na dtuismitheoirí an rud is tábhachtaí maidir le dul chun cinn na bpáistí ar scoil.

All parents regardless of their ability in the Irish language are welcome to send their children to the school. A parent not having Irish is not a disadvantage to their child’s all- Irish education. Research has proven that a supportive and positive attitude to school is the biggest factor in a child’s success in any school.


Visit us

Ag smaoineamh ar do pháiste a chur chuig an nGaelscoil?
Más rud é go bhfuil sé ar intinn agat do pháiste a chur chuig an nGaelscoil, is féidir coinne a dhéanamh leis an bpríomhoide agus cuairt a thabhairt ar an scoil agus do rogha a phlé.

If you are considering the Gaelscoil as an option for your child, please feel free to visit the school. The Principal would be delighted to arrange to meet you, discuss the school and to show you around.


Gníomhaíochtaí Scoile

I measc na ngníomhaíochtaí scoile a chuirtear ar siúl ar bhonn rialta tá Iománaíocht, Peil Ghaelach, Sacar , Lúthchleasaíocht, Snámh, Ceol Traidisiúnta agus Rince Gaelach. Glacann na páistí páirt i gcomórtaisí a eagraítear ag Cumann na mBunscoil, An FAI, Cumann Luthchleasaíochta Carraig na Siúire and Tiobraid Árainn Theas.Chomh maith leis seo glacann na páistí páirt i ngníomhaíochtaí eile ar nós Rothaíocht Slán , Tráth na gCeist a tharlaíonn ó am go chéile agus iliomad eile.

Tá Coiste Glas againn chomh maith le Coiste na dTuismitheóirí gníomhach.

Among the various activites organised on a regular basis in the school are Hurling, Gaelic Football, Soccer, Athletics, and Swimming. The school provides coaching in the above and takes part successfully in competitions organised by Cumann na mBunscoil , FAI Primary Schools, and Carrick on Suir Athletics Club among many more each year. There is a strong tradition of Irish Traditional Music in our school with children learning their first instrument, tin whistle, in Rang 1.

There are many other activites such as Quizzes, Safe Cycling etc that occur from time to time.
The school has a Green Schools Committee and an active Parents Council.


Uaireanta Scoile

Junior & Senior Infants
9.00 r.n. – 1.40 i.n. Naíonáin Shóisireacha & Shinsireacha

Rang 1 – Rang 6
9.00 r.n. – 2.40 i.n.


Éide Scoile

Geansaí/Cairdeagan gorm ríoga, sciorta/bríste liath, carabhat gorm ríoga agus léine ghorm. Is féidir na nithe seo a cheannach aon áit. Tá culaith reatha freisin atá ar fail ó Outfield Sports.

Royal blue jumper/cardigan, grey trousers/skirt, light blue shirt/blouse, royal blue tie. These are generic and can be bought in any major retailers. There is also a school tracksuit available from Outfield Sports, Main St. Carrick on Suir.


An Bord Bainistíochta

Tá sé mar dhualgas ag an mBord an scoil a bhainistiú.

Tá ochtar ar an mBord Bainistíochta:

  • Beirt ainmnitheach dhíreacha de chuid an Phátrúin (Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán Ghaeilge)
  • Beirt thuismitheoir leanaí atá ar rolla na scoile (duine acu in máthair, an duine eile ina athair, tofa ag tuismitheoiri na leanaí ata ar rolla na scoile trí cheile)
  • An Príomhoide (nó an príomhoide gníomhach) den scoil
  • Aon oide amháin eile ar fhoireann na scoile tofa ag vóta na foirne teagaisc, an Príomhoide sa áireamh.
  • Dhá chomhalta sa bhreis a bheidh molta ag na hainmnithigh sin thuas.

Roghnaítear Bord nua gach 4 bliana.

Faoi láthair tá Bríd de Paor ina Cathaoirleach.


Foireann Na Scoile

An Fhoireann

Tá naonúr ar an bhfoireann teagaisc. Chomh maith leis sin tá cuntóir riachtanais speisialta amháin againn chun cabhrú le páistí le riachtannais speisialta.

Tá runaí lán-aimsire agus airíoch páirt-aimsire againn freisin.

Tá 151 páiste ag freastal ar Ghaelscoil Charraig na Siúire i mbliana.

6 Múinteoirí Ranga

3 Muinteoirí Oideachas Speisialta.

Príomhoide Feidhmeach: Linda Nic an Bháird

Leas-Phríomhoide Feidhmeach: Neasa Ní Shúilleabháin


Coiste na dTuismitheoirí

Tograítear coiste nua gach bliain. De gnáth reachtálfar Cruinniú Chinn Bliana i mí Meanfómhair/Deireadh Fómhair. Tugann an Coiste an-tacaíocht don scoil. Tá an Choiste comhceangailte le Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí. Tá fáilte roimh gach tuismitheoir bheith páirteach sa choiste.

Tugann an Coiste tacaíocht don scoil. Bíonn cruinniú acu uair amháin in aghaidh na míosa agus coimeadtear miontuairiscí. Tá cúntas bainc faoi leith ag an gCoiste.

Faigheann an scoil moltaí, comhairle agus eolas faoi polasaithe agus nósanna imeachta na scoile.

Seo na céimeanna má tá aon deacracht ag tuismitheoirí.

  • Céim 1: Déan teagmháil leis an muinteoir Ranga agus muna bhfuil réiteach faighte téigh ar aghaidh chuig céim 2
  • Céim 2: Déan teagmháil leis an bPríomhoide – muna bhfuil réiteach faighte téigh ar aghaidh chuig céim 3
  • Céim 3: Déan teagmháil leis an gCathaoirleach

Má dhéanann tuismitheoirí gearán chuig an choiste cuirfear a próiseas seo i gcuimhne dóibh.

Designed By