IMG_0400 (1)

Slán Múinteoir Libby

Tá Múinteoir Libby ag éirí as an Nollaig seo agus gan aon amhras tá lorg a láimhe fágtha aici ar mheoin agus intinn idir leanbh ‘s liath, ar an bPobal Scoile iomlán. Gabhaimid buíochas ó chroí léi as ucht na blianta a chaith sí linne sa Ghaelscoil. Chuir Libby go mór leis an scoil, an t-eolas leathan atá aici ar gach ábhar, a grá don nádúr agus an timpeallacht, a grá don cheol agus amhránaíocht, a suim san ealaín agus ceardaíocht ach thar gach rud eile, a tuiscint faoi leith, ar pháistí,comh maith lena foighne agus a cineáltas do gach uile duine. Guímíd gach rath uirthi don chaibidil nua ina saol. Ní bheidh a leithéid ann arís!

Slán leat Múinteoir Libby agus go raibh míle, míle maith agat!

 

Designed By